
OÍCHE AG NA bPICTIÚRLANN
Tá an-áthas orainn taispeántas speisialta den scannán "An Cailín Ciúin" a eagrú, agus ba bhreá linn dá mbeifeá linn! Oíche álainn a bheidh ann do phobal Gaelach na Gaillimhe. Muna bhfuil ach cúpla focal agat nó más cainteoir dúchais thú, tá fáilte roimh chách!
Beidh an ócáid ar siúl ag a 7r.n. ar an Máirt, 31 Bealtaine sa phictiúrlann Pálás. Tá costas €20 ar thicéad, le deoch san áireamh, agus tá na ticéid ar dhíol anois. Beidh crannchur ann ar an oíche agus neart duaiseanna le buachaint!
Beidh an t-airgead ar fad a thiomsaítear ag dul go Gaeil na Gaillimhe, club peil ghaelach lán-Ghaeilge lonnaithe i gcathair na Gaillimhe. Tá tuilleadh sonraí ar fáil ag www.gnag.ie, nó is féidir teagmháil a dhéanamh leis an gclub ar Facebook, Twitter nó instagram.
Tá fotheidil Bhéarla ar an scannán seo a bhfuil duaiseanna bainte amach aige, agus tá léirmheasanna iontacha á dtabhairt air - is deis bhreá í an ócáid seo teacht le chéile a eagrú le do mhuintir, do chairde nó do chomhghleacaithe oibre.
Bígí Linn!